Terms & Conditions
Is gá na pointí thíos a léamh agus glacadh leo sula gcláróidh tú do ghasúr do na ranganna.
Pointí tábhachtacha faoi na ranganna:
Ba mhaith le hEalaín na Gaeltachta tuismitheoirí a chur ar an eolas go bhfuil polasaí teanga ag Ealaín na Gaeltachta ina gcreidtear gur trí mhealladh, meon dearfach agus dea-shampla a spreagfar úsáid na Gaeilge i measc na hóige agus mar sin is í an Ghaeilge:
- Teanga labhartha na ranganna
- Teanga chumarsáide idir na healaíontóirí atá i mbun na ranganna agus na páistí
- Teanga chumarsáide idir na páistí
- Teanga chumarsáide idir na healaíontóirí, tuismitheoirí agus an eagraíocht chomh fada is féidir
Tabharfaidh na healaíontóirí sna ranganna chuile thacaíocht do na páistí le go mbeidh siad ar a gcompord in atmaisféar ina bhfuil an Ghaeilge lárnach agus a thugann ugach do chách.
Ba mhaith le hEalaín na Gaeltachta tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir lena leanas:
- Go bhfuil glactha ag gach teagascóir agus cúntóir ranga atá fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta le beartais na heagraíochta - Beartas um Chosaint Leanaí agus Beartas Sláinte agus Sábháilteachta
- Go bhfuil grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána déanta ag gach teagascóir agus cúntóir ranga atá fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta
Iarrtar ar thuismitheoirí/caomhnóirí aird a thabhairt ar a leanas:
- Páistí a fhágáil ag doras an halla / seomra a bhfuil an rang ar siúl ann agus iad a bhailiú as chomh maith. Tá cuid de na seomraí a bheidh in úsáid i bhfad ó phríomhdhoirse na n-ionad agus ní féidir leis na healaíontóirí na seomraí a fhágáil.
- Gan teacht isteach ag caint le teagascóirí fad is atá siad i mbun ranganna, ach más gá teagmháil a dhéanamh leo, é sin a chur in iúl don chúntóir ranga agus socrófar am a bheidh feiliúnach don teagascóir.
- Gan bheith ag fanacht thart taobh amuigh den doras fad is a bhíonn na ranganna ar siúl.
Tá beartas an-láidir frithbhulaíochta i bhfeidhm ag Ealaín na Gaeltachta agus ní ghlacfar le bulaíocht d’aon sórt. Má tharlaíonn aon chás bulaíochta, ní mór é a thuairisciú láithreach don chúntóir ranga, agus glacfaimid go dáiríre le haon tuairisciú dá leithéid. Má tá aon údar gearáin ag tuismitheoir, caomhnóir nó páiste maidir le haon chúntóir ranga nó teagascóir, is féidir teagmháil a dhéanamh go díreach le foireann Cuisle trí ríomhphost a sheoladh chuig cuisle@udaras.ie
Tá ríméad ar Ealaín na Gaeltachta gur féidir, trí chlár Cuisle, cur leis na deiseanna don óige ar mhaithe leis na healaíona dúchasacha a chur chun cinn. Le go mbeidh rath ar an gclár agus ar na ranganna seo, tá Ealaín na Gaeltachta ag súil le dea-iompar sna ranganna agus comhoibriú ó thuismitheoirí má tharlaíonn sé go mbeidh aon phlé le déanamh air seo.